Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 320](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_320.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 320
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 320
- XML “Scéaltaí fá Dhaoiní a dTiocfadh leo Bainne a Thabhairt ó Eallach”
- XML “Drochamharc a Dhéanamh ar Eallach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Fadó, nuair a bhíodh bean ag blighe na bó agus í braon de'n cheud bhainne a dhóirteadh, dhéarfaidhe go mbíodh an bhó tirim roimh seachtmhain ó'n lá sin, agus corr uair fósta bhéadh sin fíor.
Seo sgéal i dtaobh droch amharc:
Bhí fear i n-a choimhnuidhe i Mín na Lárach aon uair amháin darbh ainm Pádraig Ó Briain. Agus bhí fear eile air an bhaile agus tá go fóill darbh ainm Seán Ó Gallchobhair, agus bhí eagla ar chách roimhe nó ghníodh sé droch-amharc ar rud éiginnteacht i ngach teach a dtéigheadh sé isteach ann.
Aon lá amháin tháinig sé isteach ar Phádruig agus cuinneóg bainne ghá bhuaileadh ar an urlár aige. Do tháinig Seán isteach agus shuidh suas(leanann ar an chéad leathanach eile)