Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 321
- XML “Drochamharc a Dhéanamh ar Eallach”
- XML “Aicídeacha a Leanas Eallach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag an teinidh, agus dubhairt sé le Pádruig, " Nach mór an méid bainne atá ag do bhó-sa nuair atá tú ábalta a bheith ag buaileadh gach seachtmhain?" Thug Pádruig fé-dear nár dhubhairt sé "Rath ar do bhó", nó a dhath mar sin, agus d'éirigh sé agus d'iarr ar Sheán an doras a bheith aige. Annsin nuair a bhí Seán ag gabháil amach ar an doras rith Páduig fá-choinne soitheach an uisge choisreactha agus thoisigh sé ghá chrathadh indiaidh Sheáin, acht thionntóigh Seán thart agus dubhairt sé le Pádruig " Mo sheacht mallacht ort féin agus ar do bhó agus tá súil as Dia agam go mbéidh sí marbh roimh sheachtmhain indiu". B'fhíor dó. Seachtmhain ó'n lá sin fuair Pádruig an bhó marbh ar an téad. Ba é an gnás a bhíodh ag na sean-mhná fadó rach a chur ar rud go h-áirid bainne nó im nó rud ar bith mar sin. Fadó nuair a bhíodh bean ag deánamh suas ime agus leadhb do tuitim ar an urlár nó isteach i mbuicéid an uisge, deireadh sí, "B'fhéidir go raibh sé a dhíoghbháil ins an áit a ndeachaidh sé?" Fosta is iomdha bean agus dá dtuiteadh an measgán iomlán uirthí bhéadh sé mar an gceudhna
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall