Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 322

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 322

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 322
  3. XML “Aicídeacha a Leanas Eallach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leonadh agus gortadh, bó chaithte, agus bó dhall.
    Léigheas ar ghalair sgráthaigh:- biónn galar sgrathach go minic ar bha a itheas feur bán. Sé an dóigh a mbíonn siad agus é ortha.Lugheann siad síos ina an bhóitheach agus achan chnead aca. Cuid aca a thosochas a leímnigh[?] le na gcosa agus cuid eile aca a shíneas a gcosa i riocht an bháis. Bheir cuid de na daoiní deoch "bhran" daobhtha, cuid eile aca "fathrann" sé sin luibh bheag a fhásas ar an chnoc. Bhrúigheann siad an sugh amach as an luibh, cuireann isteach i mbuideal é agus cuireann síos i mbolg na bó í. Léigheas eile air, bheireann cuid de na daoine an t-eallach faoi an spéir agus tosnuigheann ag siubhal thart leo.
    Aicid an bhuilg. Bíonn an aicid seo go minic ar sheanbha. Is furust an aicid seo a dheánamh amach. I dtús ama imthigheann an fionnadh de bholg na bó agus annsin tigeann moll mór cnapan gorm amach annseo. Ní thig leis an bhó luighe nó a dhath a leigeann síos i n-a bolg go bhfuighidh sí biseach. Cuireann cuid de na daoiní ola lampa ar na cnapán seo. Cuireann cuid eile, "Bromstan" ortha. Sé sin gheibh siad an bromstan agus cuireann siad im. salann agus ola lampa fríd agus measgann siad suas é. Deir siad gurab é sin an léigheas is feárr chun a gcur ar shiubhal. Cuid dé'n eallach bíonn an aicid seo ortha ar feadh trí seachtmhainí nó mar sin agus fosta gheibh eallach bás leis sé sin eallach an-aosta. Aicid an Bhainne:- Tigeann[?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall