School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leonadh agus gortadh, bó chaithte, agus bó dhall.
Léigheas ar ghalair sgráthaigh:- biónn galar sgrathach go minic ar bha a itheas feur bán. Sé an dóigh a mbíonn siad agus é ortha.Lugheann siad síos ina an bhóitheach agus achan chnead aca. Cuid aca a thosochas a leímnigh[?] le na gcosa agus cuid eile aca a shíneas a gcosa i riocht an bháis. Bheir cuid de na daoiní deoch "bhran" daobhtha, cuid eile aca "fathrann" sé sin luibh bheag a fhásas ar an chnoc. Bhrúigheann siad an sugh amach as an luibh, cuireann isteach i mbuideal é agus cuireann síos i mbolg na bó í. Léigheas eile air, bheireann cuid de na daoine an t-eallach faoi an spéir agus tosnuigheann ag siubhal thart leo.
Aicid an bhuilg. Bíonn an aicid seo go minic ar sheanbha. Is furust an aicid seo a dheánamh amach. I dtús ama imthigheann an fionnadh de bholg na bó agus annsin tigeann moll mór cnapan gorm amach annseo. Ní thig leis an bhó luighe nó a dhath a leigeann síos i n-a bolg go bhfuighidh sí biseach. Cuireann cuid de na daoiní ola lampa ar na cnapán seo. Cuireann cuid eile, "Bromstan" ortha. Sé sin gheibh siad an bromstan agus cuireann siad im. salann agus ola lampa fríd agus measgann siad suas é. Deir siad gurab é sin an léigheas is feárr chun a gcur ar shiubhal. Cuid dé'n eallach bíonn an aicid seo ortha ar feadh trí seachtmhainí nó mar sin agus fosta gheibh eallach bás leis sé sin eallach an-aosta. Aicid an Bhainne:- Tigeann[?](continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal