Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 324
- XML “Aicídeacha a Leanas Eallach”
- XML “Béaloideas fá Chapaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aicíd eile:- Is iomdha bó a bíos gamhain aicí agus a chuireas amach a cord. Rud iongantach contabhairteach seo. Sé an fáth go gcuireann siad amach a gcorp mar go loittear an t-eallach. Tá cuid de'n eallach a gheibheas bás leis agus tá cuid eile acú a gheibheas biseach leis. Caithfear a bheith iongantach cúramach ag cur isteach an chuirp. Tá daoine speisealta fá choinne seo. Níl sé ceart salacar de rud ar bith a bheith greamuighthe de'n chorp nuair a bhithear ghá chur isteach. Bó ar bith nach dtig a corp a chur isteach ní bhíonn gamhain ar bith aicí a choidhce aríst. Agus annsin tigeann aicíd eile ortha sé sin luigheann sí síos ar an talamh agus toisigheann sí a dhiúl a cuid bainne féin.
- Béal oideas fá chapaill.
Bhí fear ar an bhaile seo fadó arbh ainm do Éamonn Mac Pháidín agus bhí sé féin agus a mhac thíos ins an chladach oidhche amháin. Bhí capall agus carr leo fosta. Nuair a bhí siad tamaill thíos d'imthigh a t-athair[?] agus an carr gan mhothughadh ar sodar síos tóin na dumhcann. Níor lean an mac é nó bhí fios aige gur na daoine beaga a bhí ag tiomáint an chapaill. Tháinig sé aníos chun an bhaile agus d'innis sé an sgéal seo. Bhí an mhuinntir eile ag dul síos acht ní leigfeadh sé iad: "Níl maith díbh dul síos" ar sé, "nó chonnaic mise ag dul síos Gob an Chlóchain é"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Gaedhigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall