School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 324
- XML “Aicídeacha a Leanas Eallach”
- XML “Béaloideas fá Chapaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aicíd eile:- Is iomdha bó a bíos gamhain aicí agus a chuireas amach a cord. Rud iongantach contabhairteach seo. Sé an fáth go gcuireann siad amach a gcorp mar go loittear an t-eallach. Tá cuid de'n eallach a gheibheas bás leis agus tá cuid eile acú a gheibheas biseach leis. Caithfear a bheith iongantach cúramach ag cur isteach an chuirp. Tá daoine speisealta fá choinne seo. Níl sé ceart salacar de rud ar bith a bheith greamuighthe de'n chorp nuair a bhithear ghá chur isteach. Bó ar bith nach dtig a corp a chur isteach ní bhíonn gamhain ar bith aicí a choidhce aríst. Agus annsin tigeann aicíd eile ortha sé sin luigheann sí síos ar an talamh agus toisigheann sí a dhiúl a cuid bainne féin.
- Béal oideas fá chapaill.
Bhí fear ar an bhaile seo fadó arbh ainm do Éamonn Mac Pháidín agus bhí sé féin agus a mhac thíos ins an chladach oidhche amháin. Bhí capall agus carr leo fosta. Nuair a bhí siad tamaill thíos d'imthigh a t-athair[?] agus an carr gan mhothughadh ar sodar síos tóin na dumhcann. Níor lean an mac é nó bhí fios aige gur na daoine beaga a bhí ag tiomáint an chapaill. Tháinig sé aníos chun an bhaile agus d'innis sé an sgéal seo. Bhí an mhuinntir eile ag dul síos acht ní leigfeadh sé iad: "Níl maith díbh dul síos" ar sé, "nó chonnaic mise ag dul síos Gob an Chlóchain é"(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Gaedhigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal