Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na daoine go mbíonn báisteach air agus nuair a bhíos sí thuar san spéir deireann na daoine go mbíonn uair bhreagh air.
14. Nuair a chíon na daoine go leor réaltóga ag imtheacht ó áit go h-áit deireann siad go mbíonn sioc mór air.
15. Nuair a bhíos go leor faoileán bailighthe le chéile ar an talamh deireann na daoine go mbíonn báisteach mhór air.
16. An t-aer dearg thoir sioc go fréimh.
An t-aer dearg thiar teasbach agus grian.
17. Nuair a cloistear an lon dubh ag sgréachghail is comhartha é go bhfuil sioc ar an aimsir.
18. Nuair a chítear go leor druideacha ag imtheacht le chéile agus i n-a luighe ar an talamh deirtear go mbeidh aimsear bhreagh ann.
19. Nuair a chítear an mada ag ithe an fhéir ghlais is comhartha é go bhfuil báisteach ar an aimsir.
20. Nuair a bhíos an cat ag sgríobhadh coise an bhuird is comhartha stoirme é.
21. Nuair a shuidheas an cat agus a dhruim leis an teine is comhartha sneachta é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Liam Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe