Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn go leor cineál cluichí ag na daoine thart annseo. Bíonn siad ag imirt cluichí istigh ins na tighthibh agus cluichthe eile faoi'n aer. Ní h-é an t-am céadna de'n bhliadhain a mbíónn siad dhá n-imirt. San Samhradh a imirtear an chuid is mó de na cluichthibh.
San Samhradh bíonn páirtí an bhaile le chéile i ngairdín beag agus dúnann duine aca a shúile agus téigheann chuile dhuine eile aca i n-áit sa gcaoi nach bhfeicfead an duine sin iad. Tiocfaidh an duine annsin dhá gcuartughadh agus an chéad duine a gheobhaidh sé béidh air sin a shúile a dhúnadh arís go mbíonn na daoine eile imthighthe i bhfolach arís.
Ta cluiche eile againn a bhíos na páistí dá h-imirt le chéiile ags cloch bheag ag gach duine aca. Bíonn cineál balla beag cruinn thart ar an talamh agus seasann chuile duine san áit sin agus bíonn cloch mhór tuairim is ceithre slata amach uatha. Caitheann chuile duine an chloch bheag a bhíos na láimh aige agus an duine b'fhuide ó'n gcloich, bíonn air a chloch bheag a leagaint ar an gcloich mhóir. Tagann chuile duine ag caitheamh leis an gcloich bhig sin a bhíós ar bharr na cloiche móire. Tagann chuile duine amach i gcoinne na cloiche a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbhann Thuaidh, Co. na Gaillimhe