Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Súgach seic
Seic na méar
Bó na Gaillimhe
Dia gá bhfoghluim
Foghluim tú
Foghluim tá
Buille beag ar bharr na coise
Is cnap isteach an fhideóg.Tá ceann eile ann agus d'fhéadfadh go leor daoine dhul dá h-imirt.
Tagann na páistí le céile cois na teine agus bíonn máighistear ortha agus bíonn bata beag aige agus deireann sé-
"Cé atá ag díol an choirce annseo?"
"mise" adeireas duine eicínt aca.
Deireann an máighistear
"Abair teistiún dhá theistiún nó sgilling"
Dá n-abradh sé an rud mí-cheart gheobhadh sé buille den mhaide ó'n máighistear.- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbhann Thuaidh, Co. na Gaillimhe