Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an bharrala leann nach ngoillfedh toirneach na tinntrighe air.
Annsin chuir sé duine dá g chuid comhráideacha í gcoinne na lubhe agus d'fiafruigh sé do bhean an tighe an raibh gimléidh aici. Thug sí gimléid dhó. Annsin chuir sé poll ar an mbarrile chomh fada leis an leann ach níor leig sé do'n leann a thígheacht. "Seo" ar seisean lé bean an tighe "leag d'ordóg annso".Annsin cuir sé poll eile ins an mbarrile agus bean an tighe ordóg eile air, poll eile agus cuir siad í agus a teanga ar an bpoll. Bhí siad annsin agus a dá ordóig agus a béal stoptha. Bhailigh na spailpíní annsin leó.
Tháinic fear an tighe isteach agus fuair sé a bhean agus í in a g(c)oic i n-éadan an bharrille. Rug sé uirthi agus cuir sé timcheall an seomra í. Thosuigh an barrille ag séideadh leann amach. "Do chroidhe ó seo os ó siúd" ars an fear. "Tá mo chuid leann dhóirte ar fud an tighe".
Faoi dheireadh 'is faoi dheó shroich na spailpíní Cill Coinnigh agus bhí aonach ann an lá chéadhna. Ceannuigh fear Mhuigheó muc ó bhean bocht cé nach raibh ach sé pinghne aige agus dhíol sé an muic annsin agus fuair sé cúig punt uirthi. Dubhairt sé leis an bhean gur bille móra a bhí aige (£50) agus d'fiarfhuigh sé dhi an raibh sagart ins an mbaile a sinnséaladh an bhille dhó gur minic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Párthalán Ó Coisdealbha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann