Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)í míosgáin móra, freisin.
Cheannaigeadh na daoine go leór earraidhe í mBaile an Mhuilinn lá an Mhargaidh .i. Dé Máirt. Bhíodh fataí agus coirce ann agus cábháin, gléasta amach lé ubhla, óráiste, milseáin agus 'chuile shórt eile mar sin. Bhí trí scálaí ann leis an gcoirce agus na fataí a mhéadhchan agus tá cuid aca ann fós. Deirtear gur lá ádhamhail Dé Máirt lé rudaí a cheannacht nó a dhíol agus gur lá an-mhí-ádhamhail lé díol nó ceannacht - an Domhnach.
Uair amháin bhíodh cábáin taobh amuigh de gheata an tséipél taréis an Aifrinn agus bhíodh siad líonta lé rudaí deasa. Bhíodh na daoine ag déanamh malrait go mór 'san tsean-aimsear. Mhalruitidís fataí arbhair agus rudaí eile lé n-a chéile agus bhíodh siad ag brath ar margadh maith a fhághail 'chuile uair mar sin. Mhalruitidís asail agus caiple freisin agus bhíodh go leór troid agus árgúint aca uaireannta. Bhí fear í mBaile an Mhuilinn tráth agus dhíoladh buachailli na h-áite seo coiníní leis. Cuireadh sé na coiníní í dtaisge 'san gcistin agus nuair a gheibheadh na buachaillí deis air goideadh siad iad agus dhíoladh siad arais leis iad.
Dhéanadh siad an cleas sin air naoi nó deich n-uaire i n-a dhiaidh a chéile agus sa deireadh bhíodh píosa maith airgid aca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann