Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal faoi taidhbhse
Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí sí an-cneasta. Thárla go bhfúair sí bille dhá phunt ó siopadór aon lá amháin ach ar an lá céadhna thuit sí tinn agus sgearr go bhfuair sí bás gan an bille a íoc.
Bhí go maith is ní raibh go holc an oidhche tar éis an tsocruide cloiseadh torann mór ó’n seomra a fuair an tsean-bhean bás ann agus thárla an rud céadhna an dara oidhche ach ar an oidhche sin bhí fear an tighe ina shuidhe ag fanacht leis. Chuaidh sé suas go dtí an seomra mar ba fear dána neamh-eagla a bhí ann agus nuair a d’osgal sé an [!] céard a chonnaic sé ach an tsean-bhean a cuireadh cúpla lá roimhe sin. Bí sí ina seasamh i lár an urláir agus bhí sí ag síneadh méire ar bhosca a bhí ins an gcúinne. Chuaidh an fear anonn chuig an mbosca annsin agus d’osgal sé é. Chonnaic sé go leor páipéirí istigh ann agus imeasg na bpápéar bhí an bille. Thóg sé aníos é agus go díreach ar an bpoinnte sin d’imthigh an tsean bhean. Thuig an fear annsin céard a bhí uaithí agus d’íoch sé an bille an lá dár gcionn. Níor tháinic an tsean-bhean thar éis indhiaidh sin- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Dólán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe