Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0257](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0057%2FCBES_0057_0257.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0257
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Riocaird in dheire na déithe agus b'éigin do Risteárd, a mhac, na fir troda a chruinniú le Reámonn ionnsuighe. I dteannta chéile ghluais siad soir ó dheas acht ní leigfeadh an faithchíos dóibh Reámonn a ionnsuighe. Ní dearnadar acht suidhe fútha in-a bfháinne thart ar champa Reámuinn.
Séard a chuir Barclay roimhe an campa a ghabháil air gan Sasanach a chur i gconntabhairt a anma. Dá bhrigh sin chuir sé in-úil do lucht an campa nach raibh in dán dóibh acht géilleadh nó bás le h-ocras, acht d'éirigh le Reámonn a chuid fear a thabhairt slán as an nguais in-a rabhadar sul dár airigh siad anshógh an ocrais.
Nuair a deántar trácht ar Reámonn De Búrca sa seanchus arís tá se i gcuideachta Aodha Ruaidh agus iad ag déanamh ar Chionn t-Sáile áit ar throid sé go calma i measg na nGaedhéal ar son na(leanann ar an chéad leathanach eile)