Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chinéal Féichín amach, chuir sé faoi sa mainistir agus chos níor chuir thar táirsigh amach go ceann cúig lá. In dheire an achair sin, ag ceapadh gur fearr slán ná easlán bhuail sé bóthar abhaile chomh tréan in Éirinn is bhí in-a dhá chois agus stad na cómhnuidhe ní dhearna sé gur chuir sé balla í Bhaile Locha Riach idir é féin agus Reámonn a bhí ag teacht in-a dhiaidh.
Chuidigh Tadg Ó Ruairc leis agus mar sin bhí 1500 fear ag Réamonn anois. Chreach siad Clann Riocaird agus Cinéal Aodha.
Bhí Sasanach darbh ainm John Barclay in-a uachtarán ar Chonnacht an tráth sin agus chuir sé fá deara do Chlainn Riocaird a chuid fear a cruinnú le Reámonn ionsuighe. Tháinig Barclay agus an oireadh Sasanach aige is a d'féad sé fhágháil ar fud na cúige. Bhí Clann(leanann ar an chéad leathanach eile)