Scoil: An Clochar, Port Omna

Suíomh:
Port Omna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Lorcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Port Omna
  2. XML Leathanach 0287
  3. XML “Mná agus Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar mo shuílibh a bhí freisin mar chonaiceas an comhluadar ba croidheamhla dá bhfacas ariamh cheana istigh, agus ceol iongantach ar siubhal ag píobaire a bhí sa láthair. Tá an ghrian sean, agus tá an ghealach sean acht bhí cosamhlacht ar an bpíobaire sin go raibh sé níos sine na ceachtar aca, agus í ag gabhaíl fhuinn annsan ar a dhícheall.
    Bhíos óg sgolbánta san am agus isteach liom thar an gclaidhe de léim. Rugas ar dhá láimh ar mhnaoi óig a bhí in a suidhe léithi féin ar an tulchán agus siúd ag damhsa muid ar nós na heilite maoile go raibh na cosa ag tabhairt uatha le méid ár saothar. A Thighearna! nach aici siúd a bhí an damhsa! Deirim-se libh go rabhas féin tugtha go leór sul ar eirgheas as an damhsa sin, acht bhí an cosamhalacht chéadna ar an mnaoi óig is bhí nuair a thosaigh sí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa Ní Dhíolúin
    Inscne
    Baineann