Scoil: An Clochar, Port Omna

Suíomh:
Port Omna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Lorcáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0349

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Port Omna
  2. XML Leathanach 0349
  3. XML “Ráite atá le Cloisteál i measc na Seandaoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní bhíonn sógh gan an-shogh.
    Ag baint na tuaighe as láimh an tsaoir.
    Eanacha na h-éin-chleite ag eiteallaigh in éinfeacht.
    Ní fáidh duine in-a dhúthaigh
    Is maith le Dia féin congnamh.
    Is báidheamhail le n-a chéile lucht aoin-chéirde
    Ní h-í an bhean is áilne is truime céille.
    Níor liosc sean-chat é féin riamh.
    Ní múineadh go deagh-shompla
    An tseoid do-fhághála 'sí is áilne.
    Is fada cuimhne sean-leinbh.
    Bí bagarthach acht ná bí buailteach
    Is mó an fháilte ná an féasta
    Pós bean ón sliabh agus pós an sliabh ar fad.
    Is dóigh le fear na buile gurbh é féin fear na céille.
    Is fearr aon chiall cheannuigh ná dhá chéill a múintear.
    Is treise toil ná tuigsint.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge