Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi fear fadó ann, agus bhí sé na chodladh oidhche amháin. Bhí brionglóid aige. B'fhacthas dó sa mbrionglóid go bhfaca sé tarbh in a leithéid seo d'áit, agus dá dtiubhradh sé leis an tarbh agus é a dhíol go bhfaigheadh sé chuig chéad punt air, ach go gcaithfeadh sé céad amháin a fhágáil sa n-áit a bhfuair sé an tarbh.
D'imthigh sé ar maidin go moch agus fuair sé an tarbh.
Dhíol sé é agus fuair sé an chuig chéad air. Ach bhí leisge air an céad a fhágáil i n-áit an tairbh, agus nuair a d'éirigh sé ae maidin, bhí an t-airgead ar fad a fuair sé ar an tarbh tugtha chun bealuigh.
Sean-fhocal é mara n-íoca tú do chuid fiacha ní dhéanfar aon mhaith dhuit. - Bhí sean-fhear fadó ann agus bhí sé ag cur isteach na bhfataí. Nuair bhíodar istigh ar fad aige, bhí sé tamall ag breathnughadh ortha. Dubhairt sé leis féin: Dá mbeadh siad tomhaiste leis an bpoitín agam bheadh fhios agam(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eoghan Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Neachtain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe