Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0212
- XML “Tulaigh na Sióg”
- XML “Tiobóid Mac Cábhuic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá bó 'leithéide seo do fhear le breith ar maidin. Beidh ar ndóithin bainne amáireach againn." Bhí an fear ag éisteacht léi taobh amuigh. Dubhairt sé léi, "Má's sin é do sgéal bíodh sí ar fad agaibh". Chuaidh sé abhaile agus d'fhág sé ansin í. Chuaidh sé a chodhladh. Nuair a d'éirigh sé ar maidin fuair sé an bhudóg agus an laogh san iothlainn i n-áit nár sheas aon bhó ariamh. Sin é mo chuid-sa dhó.
[Nóta imill: "Tá bó a léide seo gar"] - Bhí (fair) fear i n-a chomhnaidhe ar Thulaigh na Sídheóg fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Tiobóid Mac Cábhuic. Bhí teach aige ar an Tulaigh agus teach eile ar Thamhnaigh na Bacaighe i gcaoi nuair a bheadh gaoth aniar ann go mbeadh fasgadh aige taobh thoir na Tulaighe agus nuair a bheadh gaoth anoir ann go mbeadh fasgadh aige taobh thiar na Bacaighe.
Bhí sé pósta agus ní raibh aige acht aon mhac amháin Páidín Thiobóid. Ar an Tulaigh a bhí sé an oidhche seo, agus é ag cur síos a bhéilídhe fataí. Theastuigh uisge uaidh agus chuaidh sé amach ag an tobar ag iarraidh buicéad uisge. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Fátharta
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Clochar na gCon, Co. na Gaillimhe