Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Hop is Bí Thall.
Pádhraic Ó Tuairaisc.
Ó M'athair a chualas an scéal seo. Pádrhaic Ó Tuairaisc.Bhí fear fadó ann agus níor nigh sé aon cois ariamh. OÍCHE amháin cuireadh amach é ag nícheachán a chuid cosa. Chuaidh na sidheóga thart agus d'fhiaftaigh siad dó céard a bhí sé a dhéanamh. Dubhairt sé gur ag iarraidh a bheith ag nigheachán a cosa a bhí sé agus gan é i NDON mar nár nigh sé aon chos ariamh.
"Teara in éinfeacht linn-ne." adeir siad. "Agus tiubharfadh muid go Sapana thú."
"Tiocfad a mh'anam" a deir sé.
"Gabh ar marcaideacht ar an mbulán seo mar sin." adeir na sídheóga.
Chuaidh sé ar marcaidheacht ar mbulán agus d'imigh siad go Sapana. "Istigh anois" adeir na sídheóga. "Gabh isteach san teach sin anois tá bean istigh ann agus caithfidh tí í fhágáil dúinnne SUL má thiubharfas tú leat í caithfidh tí trí SHRAOITH a bhaint aiste.
Thug an fear leis sop agus chuaidh sé isteach. Chonnaic sé an bean istigh ann agus chuaidh se le na taobh gan aon duine gá feiceáil. Sháth sé an sop suas in a srón agus leig sí sraoth. Shath sé an sop suas arís agus leig sí sraoth(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Tuairaisg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe