Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Bantreabhach fadó ann agus bhí mac aice agus giodán beag talamhana agus bhíodar ag déanamh maireachtála air nó gur chaith an tighearna talmhan amach iad.
D'imthigheadar ag iarraidh déirce ó áit go h-áit, agus an téagar a bhíodh in imtheacht an lae aca théigdís chuig an mbaile mór tráthnóna agus dhíolaidís é. Bhíodar ag déanamh go h-an cheart agus ag sabháil roinnt airgid.
An tráthnóna seo bhí go leor daoine ag fiafruigheadh díobh an raibh bainne acu. Nuair a bhí siad ag teacht go dtí teach an lóistín bhí fear ar chornéal na sráide ag diol ceaintíní. Meas tú" adeir an mac, "nár mhaith an dóighe ceaintín a cheannach. Cheannuigh agus bhíodar bródamhail as.
Lá'r na bháireach d'imthigh leo i na ngnó agus bhí braon bainne ag dul ins an gceaintín annseo agus annsiúd ó na comharsanaí nó go raibh an canna lán. Thugadar aghaidh ar an mBaile Mór. Tar-éis tamaill bhíodar tuirseach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Seósamh Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cúláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe