Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Oidhche cinn an dá la dhéag
Tar ar cruthuigheadh d’oidhcheanta faoi’n spéir
‘Seadh nochthuighthear oileán gléigeal
Go h-árd i lár an chuain,
Píosa aniar ó Árainn
‘Seadh feictear é an tráth sin
Is leath-uair roimh an lá
‘Seadh ísligheann sé faoi’n tonn.II
An t-é a dhearc go grinn air
‘S a chonnaic é an oidh’e sin
Nuair a chuir sé síos air
Sé’n t-samhail a thug sé dhó
Ná lóchrann soillseach príomh-chathair
A bheadh lasta suas le haoibhneas,
Nó solus geal ó réaltaibh neamh
Le glaisreódh seaca móir.III
Nach b’álainn is nach b’aoibhinn
An radharc ins an meadhon oidhche
Na tonntra ar fad ‘na thimcheall
‘S iad claoidhte síos le h-áthas
An fhairrge ‘na calm
‘S an draoidheacht ‘na ceó dhá leagan
Ar thúr agus ar mansion, / Ar charraig is ar áill.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 27
- Seoladh
- Baile na mBrobhach, Co. na Gaillimhe