Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0461

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0461

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0461
  3. XML “Bádóirín Thír an Fhia”
  4. XML “Speireadh na mBó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nach deas an rud do bhean ar bith,
    Dar liom-sa féin a cliú,
    A chonneochadh mar is gceart di í
    I dtaisce faoin na cúm (com)!
    Tá gruaig mo chinn ag tuitim dhíom
    Is ag imtheacht le teann cumha
    Ach is dóigh liom a stór nach mairfidh mé -
    Leis an mbriseadh croidhe atá romham (rúm)
    (a chríoch san).
    Speireadh an mBó
    Diarmuid Ó Donnchadha a thug dom (Meitheamh 1930). Chuala seisean ón' athair agus ó na shean-mháthair é. Tá faisnéis cuid mhaith le fagháil faoi'n "Speireadh" ó mhuintir an Locháin Bhig - Éamonn Ó Finneadha, Seán Mór, Pádhraic 'ac Thuathaláin, Pádhraic Ó Finneadha. &rl.
    I gConnamara 'seadh tharraing mé mo long i dtír
    Is 'gabháil aniar leis a' gcladach 'seadh bhreathnaigh mé fúm go grinn
    Ar Chnoc na Cathrach bhí ar dtarraingt i dtús na h-oidhche
    I mbarr an Ghleanna féach gur fada níor mhaolaigh mo sgian.
    II
    Nach brúighte bhí'n Brúnach 's é tarraingt ó'n Mám
    É ag siubhal ar a dhúthaigh agus eallach ar lár
    An cúpla fear múinte a'inn tá ag obair go sámh
    Go dtéighe [uis] as a súilibh ní stopfar a lámh.
    III
    A Mharcuis tá brón ort 's ba mhór é do chail!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. I gConnamara 'seadh tharraing mé mo long i dtír
    Is 'gabháil aniar leis a' gcladach 'seadh bhreathnuigh mé fúm go grinn
    Ar Chnoc na Cathrach bhí ar dtarraingt i dtús na h-oidhche
    I nbarr an Ghleanna féach gur fada níor mhaolaigh mo sgian.
    II
    Nach brúighte bhí 'n Brúnach 's é tarraingt ó'n Mám
    É ag siubhal ar a dhúthaigh agus eallach ar lár
    An cúpla fear múinte a'inn tá ag obair go sámh
    Go dtéighe uir ar a súilibh ní stopfar a lámh.
    III
    A Mharcuis tá brón ort 's ba mhór é do chail!
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Séagdha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    18
    Seoladh
    Gaillimh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Na Forbacha, Co. na Gaillimhe