Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cnoc mór ar dtugtar Cnoc Dabhach sa sliabh i n-aice le Bodhbhrocháin. Fadó ba ghnáthach leis na daoine na beithidhigh a fhágáil amuigh ar an sliabh san oidhche san samhradh. Nuair a théighidís ag bleaghan na mbeithidheach thugaidís búaireach leó chun cur ar a gcosa deiridh chun iad a choinneál ó chiceáil. Maidin amháin chuaidh bean amháin suas ar an sliabh agus thug sí a búaireach agus a chuid soitheach léi. Nuair a bhí sí ag tarraingt ar an gcnoc gach cloch a bhí ann bhí tubán óir leagtha i n-a mhullach. Ar an bpoinnte agus a chonnaic sí an t-ór ní dhearna sí ach casadh ar a cois ag ritheacht abhaile agus glaodhach ar chongnamh chun an t-ór a thabhairt léi. Ach nuair tháinic sí ar ais ní fhaca sí ach buaireach leagthaí ar bhárr gach cloch. Bhligh sí a cuid beithidheach agus thug sí a h-aghaidh ar an mbaile go trom-chroidheach brónach.
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe