Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0254
- XML “Cathú an Diabhail”
- XML “Aifreann an Diabhail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seomra ag iarraidh an páiste nuair a dubhairt sise go dtiocfadh sí fhéin dhá iarraidh. Chuaidh sí suas agus gan ceapadh ar bith aici go mbeadh an páiste roimpe agus nuair a chroc sí an phluid fuair sí an páiste ann agus é i na chodhladh, slán folláin mar bhí sé ariamh.
- Bhí fear agus bean ann fadó, agus ní raibh acu acht aon mhac amháin. Is é an t-athair a bhíodh friotháil an Aifrinn. Nuair a bhí an mac fíche bliadhain d'aois d'imthigh sé ar aimsir. Ní dheacha aon fhaitchíos ariamh air. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an t-athair litir dhó agus dubhairt sé leis i do choinneál. D'imthigh leis an mac agus is gearr a bhí sé imthighthe nuair a chas an diabhal dhó. Bhí siad ag siabhal leó nó gur tháinig siad go dtí teach. Bhreathnui an diabhal isteach, acht bhí fear an tighe agus bean an tighe ag rádh an Pháidrín. "Ní fhanfaidh mé annsin," adeir sé. D'imthigh leó nó go dtáinic go dtí teach eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Máirtín O Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe