Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i n-a chomhnaidhe i bparráiste thiar i gConnamara fadó agus bhí sé an-bhocht. Ba é an t-ainm a bhí ar shagart an pharráiste a raibh sé 'na chomhnaidhe ann ná Pádhraic. Bliadhain amháin ní raibh an fear bocht indon airgead na Nodlag íoc leis an sagart. Dá bhrígh sin d'iarr an sagart ar an bhfear rud éigin in áit an airgid. Ní raibh aon cheó ag mo dhuine le tabhairt dó ach an t-aon bhó amháin, - an t-aon mhaoin a bhí sa saoghal aige - agus bhí leisg air sgaradh léi sin. Acht nuair a labhair sé le n-a mhnaoi faoi dubhairt sise, - "Silim go bhfuil sé chomh maith dhuit í chasadh chuige amáireach; b'fhéidir gurbh'é ar leas é. Ar chualaidh tú ariamh ar sise, - 'Is goire cabhair Dé ná an doras'?"
An lá sin chas an fear bocht an bhó go dtí teach an tsagairt. Bhí buidheachas mór ag an sagart ar an bhfear agus thug sé béile maith dhó. D'imthigh an fear leis abhaile annsin agus chuaidh a chodladh sáthach brónach an oidhche sin. ... Maidin lá'r na bháireach nuair a dhúisigh sé d'airigh sé géimneach beithidhigh sa t-sráid. Amach leis. Thug sé fá deara ar an bpuinnte a bhó féin agus seacht gcinn de bhulláin in éindigh léithi. Chuir sé isteach san iothlainn ar chúl an tighe iad agus isteach leis abhaile. D'innis sé dá mhnaoi gur tháinic an bhó abhaile agus seacht gcinn de bulláin an t-sagairt in éinfheacht léi. Chuir an sgéal áthas mór uirthi-se. Cheap an bheirt acu gurab é an chaoi a chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe