Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0248
  3. XML “An Ceannaí”
  4. XML “Tiobóid Dábhaic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí go maith go dtáinic Dia Domhnaigh bhí an ceannaidhe ag an Aifreann. Nuair a bhí an sagart a tabhairt seanmóir uaidh dubhairt sé duine ar bith a ghabhfadh go h-Ifrionn nach dtiocadh sé as go bráth. "Thug tú th'eitheach,' adeir an ceannaidhe. "Bhí mise i n-Ifrionn athrú aréir agus leigeadh as mé ar chárt fuisge is seacht agus sé pinghine."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí Tiobóid Dábhaic in a chomhnuidhe ar Tulaig na Sídheóg agus bhí teach agus talamh aige ann agus é pósta. Bhíodh coirce agus fataí curtha aige. Bhíodh sé ag baint na bhfataí ar taob an chnuic agus nuair a bhíodh siad bainte ar fad aige bhíodh na fataí ar fad cruinnighthe thíos san ngleánn.
    Tharraingeadh sé an leasú as na h-Aille agus as an gCoill Ruadh le cliabh ar a dhruim timcheall is ceithre mhíle bealaigh agus thagadh sé anuas aríst chuile oidhche ag cuairt do na h-Aille.
    Lá amháin dá ndeachaidh sé amach ag an tobar ag iarraidh buicéad uisge d'éirigh leis easgan a thógal agus thug sé leis abhaile í
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Beartla Ó Flaitheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Flaitheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe