Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0103
- XML “An Phaidir Gheal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Go mbeannaí Dia duit a phaidir gheal
Go mbeannaí Dia duit féin
Cár chodail tú aréir
Mar a chodail Mac Dé
Cá gcodlóidh tú san oíche anocht
Mar chodail na boicht
Cá gcodlóidh tú san oíche amárach
Mar chodail Dia agus Naomh Pádraic
Cé hiad sin romhat?
Tá na haingle
Céard sin i do dhiaidh?
Tá na hAspail
Céard sin ar do láimh chlé?
Corp Chríost
Céard sin ar do lámh dheas?
Naoi ndeor d’uisce an Domhnaigh.
Cuir Muire liom ag déanamh an eolais
Ar na fóid, ar na boicht
Eochair Phárthais atá mé a iarraidh
Tá sí sa dabhach sin thall
A bhfuil an choinneal gheal ina lár
Muire is a mac
Brighid is a brat
Micheál is a sciath
Do dhá láimh gheala, a Dhia
Ag cumhdach m’anam ó anocht go dtí bliain ó anocht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Colm Ó Fatharta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe