Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0114
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit thíos ag an gcladach i mBaile na hAbhann a dtugtar an Ancoire air.Bád mór a bhí ag tarraingt adhmaid go Gaillimh fadó tháinig lá garbh uirthi agus ruaigeadh isteach annseo í agus do déanadh píosaí beaga di. Acht do sábháladh na fir a bhí innti agus do tugadh aisti an t-adhmad a bhí innti. Thug daoine iarracht faoi dhó ar an mbád a thabhairt as acht chinn sé ortha. Tá anncoire an bháid ann ariamh ó shoin agus tá sí le feiceál ann fós. Baisteadh an Ancoire ar an ait agus beidh an t-ainm sin air go deó.Báthadh bád ar Ros a' Mhíl amuigh sa gcuan seo cúpla bliadhain ó soin - bád Pheaitir Seóighe. Bhí sí ag dul soir go Gaillimh le lucht móna agus cóir bhreagh aici. Acht dheirigh cuaifeach uirthi agus crochadh na seólta uaithe agus báthadh í. Sábháileadh na fir a bhí innti.Báthadh bád eile ar Connamara. Ag teacht anoir ar Co. an Chláir a bhí sí thréis a bheith thoir lucht móna. Bhí an lá an gharbh agus ruaigeadh isteach ag Claidhe na Tórann i mBaile na hAbhann í.Cuaidh beirt fhear amach ag iascach i gcurrach fadó - Pádhraic Mór agus Tomás Murchaidh. Bhí cleamhnas Pádhraic déanta agus deir na daoine nach ceart do'n té mbíonn a chleamhnas déanta dul amach - go mór mhór ar an bhairrge - mar bíonn tóir ar a leithéidi. Maidin Domhnaigh a bhí ann agus bhí siad ag marbhú goleór iasg. Péibi cé'n chaoi bhí sé ghá tharraingt d'iompuigh an currach agus báthadh Pádhraic. Ní raibh snámh na tada acu acht d'eirigh le Murchadh theacht slán. Thóg bád Seáin Ruaidh ar an gCillín thiar ag Carraig a' Logáin é.
- Bailitheoir
- Áine Ní Fhátharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe