Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0134
- XML “Oíche Fhéile Mártain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba Naomh mór a bhí in Naomh Máirtín. As an bhFrainnc dó. Saighdiúr airm abhí ann i dtús a shaoghail acht ba saighdiúr le Críost abhí ann ar a dheireadh. Bhí sé 'na Easpog.Aon lá amháin bhí sé ag siubhal an bóthar agus casadh fear dhó agus ní raibh air ach giobail agus é ag creachadh leis an bhfuacht. Ghlac Máirtín an oiread de truaigh dhó is go ndeárna sé dhá leath dá chlóca is go dtug sé leath do'n bhochtán. Choinnigh an t-éadach sin an fuacht uaidh. An oidhche sin bhí Máirtín ag brionglóidí go bhfaca sé Ár Tighearna is an leath chlóca dhá a thug sé do'n fhear bocht air.Tugtar onóir mhór do Naomh Máirtín sa taobh tíre seo agus tarraingeann gach duine fuil in onóir dó. Is roimh an bhféile a tharraingeann gach duine an fhuil mar deirtear nach nglacann Máirtín le aon fhuil a tharrnuightear thar éis an fhéile Naomh Máirtín acht glacann sé lé gach nidh a mharbhuightear dhó roimh an bhféile. Is sean fhocal é "Glacann Mártan chuile shórt roimhe Acht ní ghlacann le aon rud na dhiaidh.".Marbhuigheann gach duine caora nó gé nó cearc nó lacha nó rud écint dhó Mhártain agus cuireann an té a mharbhuigheann an rud ar dtús crosóg ar a bhaithis leis an bhfuil is cuireann gach duine annsin den líon tighe crosóg air féin mar a gcéadhna agus deireann siad san am céadna:-"Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a thárrtháil is a chur ar ár leas, is go mbeirimíd beó ar Fhéil Mhártain aríst."
- Bailitheoir
- Áine Ní Fhágharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe