Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0137
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuala muid ar fad trácht ar Cholm Cille. Tá tobar beannuighthe leis thiar ar an mBánrain i n-aice leis an roilig. Tobar beannuighthe is eadh é agus bíonn daoine ag tabhairt turais ann an naomhadh lá de Mheitheamh, sin é lá Colm Cille, agus bíonn pátrún againn i n-ónóir.
Na daoine a bhíonn ag tabhairt turas téigheann siad seacht n-uaire timcheall ar an tobar agus iad cos-nochtuighthe agus caithfidh siad a theacht trí lá chuig an tobar sul mhá bhíonn an turas críochnuighthe aca.
Tá tobar beag beannuighthe eile i n-aice le Tobar Cholm Cille agus tugtar turas ann freisin.
Tá cloch chruinn ins an tobar beag sin agus bíonn iasg beó istigh fúithi agus bíonn sgiatháin ortha. Níl siad cosamhail le iasg na fairrge ná iasg ar bith. Iasg beannuighthe iad sin agus caitheann na daoine biadh chuca nuair a bhíonn siad ag dul thart ar an tobar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm 'ac Cualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe