Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0139
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deirtear gurb é sin an áit tháinig Colm Cille i dtír nuair a tháinig sé as Árainn go Connamara agus gur tharraing sé suas an bád ann agus chuaidh sé ón tobar beag go dtí an tobar mór agus tá lorg slabhra le feiceál ann go dtí an lá indiú.
Ó thuaidh de'n tobar mór tá bád déanta de'n chloich. Tá sí cosamhail le bád go díreach agus tá áit na maidí rámha innte.
Tugann na daoine píosa do'n bhád leób le leighiseanna agus tugann siad an feamuinn agus : an caonach a bhíonn thart ar an tobar leó freisin agus bíonn sé aca arís ar feadh na bliadhna le cuimilt do loit a bhíonn ortha.
Tá cloch mhór ins an tobar beag agus chaith duine do na Blácaigh as í uair agus bhí sí ann arís ar maidin.
D'imthigh sí uair eile as agus chonnaic na daoine istigh faoí charraig í agus bhí siad ag iarraidh í thabhairt amach acht chinn sé orta agus faoí cheann cupla lá na dhiaidh sin bhí sí ar ais na h-áit féin.
Tugann siad turas thart ar an dá thobar sin agus is iomdha duine a fuair leigheas ann.
Tá tobairín beag eile ar an gCaorán An Mulláinín a thugaimíd air.- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm 'ac Cualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe