Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór fir láidre thart ins an áit seo mar atá. Seán Ó Donnchadha. Bí sé i ndan inneóin ceardthan a thabhairt leis ina dhá láimh agus míle bealaigh a shiubhal agus é aige agus ní leigfheadh sé sgíth ná tada acht an oiread agus nach mbeadh fhios aige an raibh tada aige.
Bhí Micilín Mhuiceanach i ndan trí bhairrle teara a chur ós cionn a chéile lá dhá shaoghal agus bhí Pádhraig Ó Donnchadha i ndan leath-chéad a shíneadh ar an aon ladhairchín. Is iomdha duine a shíl é a dhéanamh acht theip orra. Bhí Peadar Shéamais Nóra i ndan mála deich gclocha a thabhairt amach ina bhéal as an siopa agus a leagan isteach sa gcárr.
Bhí fear eile ann dárbh' ainm Seán Fada agus bhuail sé fhéin faoi acht nuair a bhí sé crochta ón talamh aige thuit sé aríst uaidh acht chuaidh a chuid fiacla i bhfastódh ann agus briseadh cúpla fiacail ann.
Bhí fear eile ann Micil Sheáin Donn agus ní raibh duine ar bith i ndan a dhul ag caitheamh cloch leis. Lá amháin bhí sé fhéin agus fir eile ag siubhal ar an sliabh agus do chonnaic siad girrfhiadh. Bhí sé an-fhada uatha acht do chaith Micil cloch leis agus bhris sé a chois agus d'eirigh leis go raibh an girrfhiadh aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Fhágharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fáthartaigh
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe