Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0147
  3. XML “Daoine Cáiliúla agus Eachtraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do bhí sé ar an bhfear a bfhearr san áit ag caitheamh cloch. Nuair a chaitheadh na fir eile ní chuiridís leath bealaigh go dtí é.
    'Sé Micil Sheáin Phádraic an fear a b'fhearr ag ritheacht rásaí annso. Bhí sé i ndan chúig mhíle dhéag a chur dhe treasna thrí dhroch-bhealach agus é 'na throsgadh go dtaghadh sé abhaile. Is minic a bhíonn na sean-daoine ag cur síos ar ghaiscí móra a bhíodh sé a dhéanamh agus chomh maith agus a bhíodh sé.
    Bhí Seán Phádraic Liam go maith ag rith freisin acht ní raibh sé chomh maith le Micilín. Is minic a cloisinn na sean-dhaoine ag cur síos air sin freisin. Is minic do rug Micilín Sheáin Phádraic ar ghirrfhiadh sa rith acht ní raibh aon duine chomh maith le Micilín. Sé Peadar Eibhistín (Aidhbhistín) an fear is fearr ag siubhal thart annseo Is iomdha maidin a shiubhail sé fiche míle ag imtheacht agus fiche míle ag teacht. D'fhágadh sé an teach ag a sé a chlog ar maidin agus bheadh sé sa mbaile ar a h-ocht a chlog aríst. Is iomdha fear eile a raibh cáil mhór faoi shiubhal orra agus shíl siad é a dhéanamh acht thóigfead sé lá fada Samhraidh orra ghá dhéanamh.
    Bhí bean ann darbh ainm Bairbre Mhór agus ní raibh cur síos ná innsint sgéil ar a cuid turais. Is iomhdha lá a shiubhail sí dhá fhichead míle agus ualach trom ar a druim aice.
    Tá fear eile san áit agus tá sé ar an seanchaidhe is fearr in áit ar bith sé'n t'ainm atá ar Larry (Larry Ó Biaith)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Fhágharta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fáthartaigh
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    22
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe