Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0157
- XML “Daoine Cáiliúla san Áit seo agus Eachtraí a Bhaineas leo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)timcheall sé troighthe ar aoirde. Bhí rástaí cos ag teach Sgoil na Tullaighe timcheall 35 bliadhain ó shoin Seán Mhaitiais bhig a bhuadh an rása. Leath mhíle abhí aige le rith agus bhí sé deanta aige ndeich nóiméad Seán Ó Curraidhin as Baile na h-Abhann an dara fear agus Éamonn Ó Feinneadha as na Doireadh an tríomhadh fear. Bhí sluagh mór millteach ag breathnú ortha.
Is minic a bhíodh siad ag rith i ndiaidh coiníní freisin mar chaitheamh aimsire. Bhí Tomás Ó Coisdealbha chomh luath leis an ngaoith agus ar ndóigh m'uncail Tomás Ó Cualáin agus is minic a rug siad ar ceann (ar choinín) mara rachadh sé isteach i bpoll an claidhe. Bhíodh rásaí breágh aca ina ndiaidh agus is minic a lean siad dhá chéad slat iad.
Siúbhail Eóghainín Eóghain go minic go cruach Pádhraic agus ar ais arís gan anró ar bith.
Siúbhail sé aon lá amháin go Loch Dearg na Naomh agus ar ais acht thóig sé cárr agus bhí an-aithmhéal air arís mar leigheasadh é ach rud beag agus marach gur thóig an carr é bheadh sé leigheasta ar fad. Ní raibh bróg ná stoca air ag déanamh an turais fada sin.
Mo mhamó, is minic a shiúbail sí go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe