Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0161
- XML “Daoine Cáiliúla san Áit seo agus Eachtraí a Bhaineas leo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht thuit sé san bportach. Beannacht Dé le na n-anam tá siad ar fad básuighthe.
Learraí Ó Biadh an fear ab'fheárr ag caith' léim i mBaile na h-Abhann. D'iompair Páidín Shéamuis seachtmhogha gallún tarra ón bhfairrge isteach go dtí an portach timchéall dhá chéad slat.
Micil Phatsy bhí sé lá ag snámh agus tuilleadh buachaillí i n-éindigh leis ar tráigh gainimhe níor spáin an áit chomh doimhin agus abhí sé. Larraí Ó Domhnaill sheas sé ar charraig áird agus chaith sé é féin amach agus ní raibh aon snámh aige, bhí naoi dtroighthe uisge ann agus is beag nár báthad é marach Micil Phatsy.
Bhí Johnny Mhaidhc, Páidín Ruaidí agus Máirtín Shéamuis Mhóir ag snámh lá agus chuir siad geáll 1/4 míle. Máirtín Shéamuis Mhóir a gnóthaigh. Meart Mhaitiú an fear san áit seo anois ag iomrádh currach.
Seán Barry agus Bairtle Ó Máille agus Máirtín Sheáin Thaidhg ab' feárr fadó.
Rástaí Curracaí
Bhí na currachaí amuigh ar fad ag Mullán Indreabhain, leath-chuain idir Indreabhán agus Co. an Cláir d'eirigh an gála as gaoith adtuaidh. Bhí na currachaí ag rith chomh-tréan agus d'fhéad siad é. Bhí siad i bhfad amuigh mar bhí siad ag fághail éisg. Bhí gárda ar an gcorra agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe