Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0164
- XML “Cumhdach na bhFeadóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séamas Bolustrom (60) d'innis
Séamus Óg Bolustrom do sgríobh síos.Bhí bean ann fado agus bhí triúr mac aice. Dubht. duine acu lá go rachadh sé ag saothrú. Ní raibh sé i bhfad imthighthe go dtáinnic sé go dtí teach. Chuaidh sé isteach sa teach agus bhí fear agus bean istigh roimhe. D'fhiafruigh sé d'fhear a'tighe an mbeadh buachaill aimmsire agu teastáil uaidh. "Bheadh" adeir fear and tighe agus d'fhan mo dhuine sa teach. Ar maidin sgaoil fear a'tighe amach plód feadóga agus dubht. leis iad sin a bheith aige ag teacht go dtí a teach féin tráthnóna dhó. Nuair a tháinig sé tráthnóna dubht sé nach bhfaca sé na feadóga in aon áit agus marbhuigh an máistir éDubht. an dara mac go pachadh sé féin ag saothrú. D'imthigh leis agus tháinic go dtí an teach céadna. Choinnigh an fear é mar buachaill aimsire agus an maidin sgaoil an fear amach plód feadógaí agus dubht leis iad sin a bheith aige ag teacht as air chuig an teach tráthnóna dhó.Nuair a tháinic an dara tráthnóna ní raibh na feadóga aige agus mharbhuigh an máistir é.Dubht an treas mac go rachadh sé féin ag saothrú agus tháinic sé go dtí an teach céadna. Ar a bealach go dtí an teach dó fuair sé feadóg ar an mbothar. Nr. a bhí sé ag doras an tighe d'fhiafruigh sé d'fhear a'tighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Bolustrom
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Bolustrom
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe