Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Druim Sionnach)Is iomdha caoi a mbíonn fhios ag na daoine faoi droch-aimsir agus faoi aimsir bhreágh bíonn a fhios aca ó'n spéir é nuair a bhíonns an druim sionnach ins an spéir bíonn báisteach air, agus dhá mbeadh aimsir bhreágh air bheadh an spéir an-chrochta.
Nuair a bhíonn báisteach air bíonn an ghrian báidhte isteach san spéir agus nuair a bhíonns ceó ar an ngréin ceó triomacht a thugtar air. Tar éis a dhó-dhéag nó mar sin a thagann an ceó sin uirthi agus má bhíonn an ghrian an-dearg tráthnóna agus an spéir tar timcheall uirthi bíonn aimsir breágh air. Nuair a bhíonn stoirm air bíonn néalta móra bána ag rith ar fud na spéire.(Gealach Shathairn)Ní iarrann an máirnéalach gealach Shathairn a theacht san bhFóghmar acht chaon seachtmhadh bliadhain.
Ní minic a thagann gealach Sathairn le aimsir bhreágh. Nuair a bhíonn fáinne bán tart timcheall ar an ngealaigh bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn an fear ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Nic Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Cualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe