Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuilleadh Faisnéise i dTaobh na hAimsire.
Áine Ní Fhatharta do sholáthruigh
Ughdar, Learaí Ó Biaith
Bíonn go leor sean-ráidhte ag na sean-daoine i dtaobh na haimsire agus an caoi a mbíonn fios acu ar an uair.
Bíonn go leor comharthaí le tabhairt faoi deara sa spéír le linn droch aimsire. Bíonn an spéir go dubh dorcha agus go leor scamaill le feiceál ag imtheacht anonn agus anall innte nuair a bhíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn fuaim láidir le cloisteáil ó bhun na habhann bíonn aimser seasta air.
Seo cuid eile de na comharthaí a bhíonn ann nuair a bhíonn báisteach air. Bíonn súighe ag tuitim as an simléar, bíonn an cat in aice na teineadh, an mada ag ithe féir.
Bíonn sgála na dtighthe sa loch agus an deatach ag dul suas díreach ón simléar
bíonn an h-éanacha ag eiteall go h-íseal sa spéir,
Bíonn na cearca ag priochadh a gcuid clúmhaige agus dhá reidhteach
bíonn solus gorm ar an teine agus loinnir gorm sa ngríosaigh,
bíonn an ghealach ar a cúl sa spéir agus bogha dubh dorcha timcheall uirrí.
bíonn tuile mhór baistighe air nuair a bhíos Sléibhte Chiarruighe le feiceál againn mar ní bhíonn siad le feiceál acht le athrú aimsire.
Bíonn na Beanna Beola agus na sléibhte atá thart orainn le tabhairt faoi deara go follusach nuair a bhíos báisteach air.
Seo iad comharthaí na himsire breagha
Nuair a bhíonn fuaim le cloisteáil ón Uaigh Mhór agus an ghrian an-dearg ag dul faoi is comhartha é go bhfuil simsear bhreágh ar fághail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Learaí Ó Biaith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe