Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0179
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Doineann
Seán Ó curraidhin (72)as Caorán a d'innis an seanchus seo dom.
Oidhche na gaoithe móire 1839 oidhche cinn an dá lá deag a bhí ins an oidhche sin. bhí an lá sin go breágh go raibh sé a dó dhéag a chlog ins an oidhche acht annsin d'árduigh an ghaoth, ba ghearr go raibh sé ina stoirm mhór.
Rinne an stoirm seo go leór dóghbhála
leag sé cocaí féir agus cruacha coirce agus tighche agus bháith sé báid.
Bhí bád ag teacht isteach a oidhche sin tar éis a bheith amuig ag iasgach ar feadh a lae agus nuair a bhí sé ag dul isteach ag céibh Casla diompaigh sí agus batadh í.
Bhí coca féir ag Mícheál Ó Conghaile thuas ins na Doireadha agus d'fhuadaigh sé soir an cnoc agus bhí siad ag breathnú air gur bhailigh sé soir Cnoc na hInghine agus ní fhaca siad aon amharch as sin amach air.
Báisteach Throm
Bhí báisteach throm ann fadó agus bhí go leór daoine amuigh ar an sliabh ag cur caoi ar mhóin agus d'airigh siad an torann a bhí ag an mbáisteach ag teacht anoir. D'imthigh cuid aca abhaile nuair a thosuigh an bháisteach acht d'fhan cuid eile ann bhí siad ag ceapadh go dtopfadh sé acht sé an chaoi a raibh sé ag méadú. b'éigin dóibh imteacht abhaile sa deire agus bhí siad fluich báidhte.
An lá céadna bhí sochraide ins na Doireadha agus bhí sean-fhear ag dul síos go dtí an roilig agus is beag nár báthadh é ag abhainn Casla.
Toirneachbhí toirneach ann uair agus thánig sí isteach i dteach thiar i gConamara agus marbhuigh sí cailín a bhí ag dul a chodladh agus nuair a bhí an cailín marbh chuaidh sí amach aríst tríd an mballa agus leag sí cuid mór do'n bhalla freisin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Churradhin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe