Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0186
  3. XML “Stail Righin Uí Dhúbhgáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    páirte a mharbhú agus é bhruit dhó thál’ (ó tharla) nachar ith sé aon fheóil duine araimh. Dubht mise léi go marbócainn féin mo mada. Mharbhuigh. Nuair a bhí an mada i ndail le bpruithte d’airigh siad an fathach ag teacht.
    “Teighre suas ar an lota siúd thuas agus tabhair leat páirte agus luigh faoi na craicne beithighigh agus caoire” adeir an bhean liom.
    “Nuair a tháinic an fathach isteach rug sé ar an mada agus d’ith sé d’aon phlaic amháin é. Rith sé suas an staighre agus cé’n (áit) ar a mbainfeadh sé plaic acht ar mo cheathrú. Acht leag mé féin craiceann caorach isteach ann agus d’fhás sé orm.”

    Thosuigh an Rí ag leághaadh luaidhe arís gur iarr an sean-fhear air stopadh go ‘spáineadh sé an lorg dhó. ‘Spáin agus dubht. an Rí leis annsin an stail a thabhairt leis agus dubht sé leis na saighdiúirí dhá mhála óir a líonadh dhóibh agus líon.
    Thug an mac leis an staill agus nr. a bhí sé sa mbaile dubht. sé leis an sean-mháthair: - “Sin í do shtail anois agat,” agus thuit sise anuas mín marbh. Bhí an stail ag an mac aríst go deoc.
    Críoch.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Ó Curraidhin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Micil Ó Curraidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    44
    Seoladh
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe