Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0188
- XML “An Inid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t'am is mó de'n bhliain a bpósann na daoine thart annseo san Inid.
Chuala mé na sean-daoine ag rádh dhá bpósfhadh tú i dtús na h-Inide go mbeadh ádh airgid ort agus dhá bpósfhadh tú i ndeireadh na h-Inide go mbeadh an t-ádh ar do chlann.
Thart ins an áit seo bionn an cleamhnas déanta seachtmhain roimh an bpósadh agus corr dhuine eile a bhíonn cruadhóig pósta orra orra ní bhíonn an cleamhnas déanta acht cúpla lá nuair a phósanns siad
Deireann siad nuair a bhíonn's fear ag dul ag iarraidh mná deireann siad
Dia Luain soir
Dia Máirt siar
Diardaoin sonaidhe soir nó siar,
Nuair a bhíonn sé 'na oidhche téigheann beirt nó triúr ag iarraidh na mná agus bíonn buidéal aca nuair a théigheann siad isteach bíonn siad ag cur síos ar eachtraibh an t-saoghail agus nuair a bhíos siad sáthach teann leis an gcailín óg a iarraidh tarrnuigheann duine aca amach an buidéal agus annsin tosuigheann siad ag caint faoi'n gcleamhnas. Iarann siad (siad) spré freisin agus bfhéidir go bfhuigheadh siad sgór nó dhó punt nó mara mbeadh sin ag an gcailín gheobfhadh sí bó bfhéidir nó cúpla budóg nó rud ecínt eile. Acht pe rud a fhághann an cailín óg mar spré socruightear sa gcleamhras é. Bíonn an cleamhnas déanta seachtmhain nó cúpla lá sul a ndeantar an pósadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe