Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mise an bhean saor uatha an oidhche roimhe sin. Níor fhéad mé aon bhlas a dhéanamh acht bhailigh mé mo shean-eire cloch agus suas liom ar an gcrann.
Nuair abhí an triúr ag dul thar an gcrann chonnaic siad mé féin thuas ar an gcrann agus dubhairt siad liom go raibh mé i ngreim anois. Shíl duine aca a dul suas go dtí mé acht chuir mé anuas é le clocha. Shíl an darna fear a dul suas acht chuir mé anuas é sin freisin. Shíl an tríomadh fear a dul suas acht ní leig mé é sin suas acht an oiread. Nuair nach raibh siad indon aon rud a dheanamh orm rinne siad trí thuag dhíobh fhéin agus thosuig siad ag gearradh an chrainn.
Bhí sé beagnach gearrtha aca nuair a glaoidh an coileach agus dimthig siad leó annsin.
"Nach mó an gábhadh é sin ná mé a bheith crochta annseo."
Bhí darna mach an rí saor an uair sin.
Crochadh suas an Gadaidhe Dubh aríst agus d'fiafruigh an rí dhó a raibh sé i ngábhadh ariamh níos mó ná sin.
"Bhíos" adeir an Gadaidhe Dubh.
Bhí mise lá ag dul an bóthar agus bhí mé ag dul thar teach.
Bhí bean i ndoras an tighe agus í ag caoineadh. D'fhiafruigh mé dhí cé'n fáth a raibh sí ag caoineadh. Dubhairt sí liom go ndubhairt an fathach leí an páiste a bhí aice a bheith bruithte dhó féin nuair a thiochfadh sé aríst. Dubhairt mé leí mada a mharbhú agus ladhraicín an páiste a chur síos sa bpota in éinfeacht leis agus annsin dhá n-iarrfadh an fathach nach hé sin an páiste teasbáin an ladhraicín dhó. Dubhairt an bhean liom fhéin an mada a mharbhú. Mharbuigh mé an mada agus d'fhean mé é agus chuir an bhean sa bpota annsin é agus ladhraicín an pháiste in éinfheacht leis. Ba ghearr a bhí an mada dhá bhruith nó go dtáinig an fathach agus ní raibh áit agam fhéin le dhul acht chaith dhíom agus a dul siar i seomra in áit a raibh daoine marbh agus luigh siar na measg. D'fhiafruigh an fathach de'n bhean a raibh an páiste sin bruithte aice. "Tá," adeir an bhean agus leag sí aige an mada(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Bolustrom
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 1166929
- Faisnéiseoir
- Séamus Bolustrom
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe