Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0202
- XML “An Tine Chnámh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gabháil mhóna lis ag teacht dó agus tugann an dream óg sean-mhálaí leó freisin.Chomh luath agus thagas na gasúin leis an olaseadh tasuigheann an spóirt dhá ríre. Bíonn na sean-mhálaí stróicthe agus ceangailte suas 'na liathróidí rómpa. Cuirtear an ola ar na liathróidí agus lastar iad agus annsin tosuightear 'gá gcaitheamh suas san aer. Amannta bionn cleitheacha agu cuid de na gasúir agus cuireann siad an liathróid lasta ar bharr cleithe agus coinnigheann suas san aer igcomhnaidhe í, go múchann sí. Is minic a bhíos sé 'na coimhlint idir dhá bhaile- 'caon taobh acu ag iarraidh níos mó soillse chur in aer ná an taobh eile! Tár na báireach annsin bíonn an sáraidheacht ann idir na gasúir sgoile.Nuair a bhíos sé in am dul abhaile tugann gach duine splannc leis as an teine.Má cuirtear an duine splannac leis as an teine. Má cuirtear an splannc i ngarrdha féin deirtear go mbeadh barr breagh féir ar an ngarrdha sin. Fadó badh mhaith le daoinesplannc ar an teine cnámh a chur in chuile gharrdha a bhain leó."An té a d'fhaduigh an teine i mbliahdna go raibh sé an le n-a fadughadh an chéad bhliain eile, má's é do toil Dé é.
- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe