Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0206
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ór i bhfolach
Sighle Ní Chonghaile, Indreabhán do chuir síos
A hathair a thug an seanchas di
Tá sé ráite go bhfuil ciste óir i bhfolach i leachta mór cloch thuas i mbarr an bhaile seo. Seanfhear a bhí ar an mbaile darbh ainm dó Tadhg beag a chuir an t-ór ann. Bhí Tadhg crua, barainneach agus ní chuirfeadh sé pingin ná leithphingin go dona riamh.Sin é an chaoi a raibh an saibhreas aige. Ach fuair sé bás agus d'fhan a chuid óir ina dhiaidh sa bpoll.
An lá seo bhí beirt fhear oibre ag obair ins an ngort a bhfuil an leachta ann. Dubhairt duine acu leis an duine eile go bhfaca sé rud mar a bheadh easóg ann ag tarraingt an airgid ó leachta a raibh an t-airgead ann go dtí an leachta eile. Chuaidh an bheirt acu ag faire ar an easóg. D'fhiafruigh an fear a chonnaic i dtosach í de'n fhear eile cé mb'fhearr leis an leachta a raibh an easóg ag tarraingt ann ná an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Dubht. sé go mb'fhearr leis an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Fágadh an leachta sin aige agus thóg an chéad fear an leachta a raibh sí ag tarraingt ann. Bhí a ndóithin ag an mbeirt sin an fhad is mhaireadar. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt.- Bailitheoir
- Síghle Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe