Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0213
- XML “Na Blácaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Blácaigh
Micheál Ó Diolláin do chuir síos
A athair a d'inis dó
Bhí na Blácaigh ina gcónaí sa gCaisleán. Bhí teampall protastúnach ag ministéara ann. Sé an sórt comaoineach a thugtaí dóibh ná píosa bhuilín agus braon bainne. Ba dhrochthiarnaí a bhí iontu. Bhí na daoine bochta faoina gcosa acu. Dá bhfaighidís beithíoch maith ag duine ghoidfidís uaidh é.
Bhíodh na daoine bochta ag obair acu gan pingin gan leithphingin gan béile ná tada. Mura ndéanfaidís an rud a déarfaidís leo thabharfadh siad lascadh maith dóibh. Duine ar bith nach n-íocfadh an cíos chaithidís amach as an teach é agus chaitheadh sé imeacht leis. Duine ar bith a n-iarradaís ualach fataí air chaithfeadh sé é a thabhairt dóibh. Bhíodh fear acu ag imeacht thart ar na bailte ag fógairt cíosa.- Bailitheoir
- Mícheál Ó Diolláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Diolláin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. na Gaillimhe