Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0216
- XML “Scorach Ghlionnáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgorrach GhlionnáinBhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná 'Sgorach Ghlionnáin'. Sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air i sgailp a bhí shuas i nGhlionnáin a choimnuigh sé.Bhí an scorach sé throighthe agus hocht n-órlaighe ar aoirde agus ní raibh a theach ach ocht dtroighthe ar fad agus chúig troighthe ar leithead. Sé'n chaoi raibh an Scorrach ag maireachtáil ag ithe beithigh agus gá ngoid ó na daoine. Lá amháin ghoid sé bó ó dhuine de na Blácaigh a bhí na gcómhnaidhe thíos sa gCaisleán. Thug sé leis abhaile an bhó ar a dhroim. Bhí fios ag an Scorach go raibh an Blácach le dul go Gaillimh. Ní dhearna sé acht an bhó a mharbhú agus ceathramha dí a róstadh agus é ithe agus imeacht leis gur bhain sé féin Gaillimh amach. Bhí sé ag tigheacht aníos ag Béarna arís nuair a casadh an Blácach dhó ag dul isteach agus a cóiste aige. D'imigh sé thar an mBlácach. "Nach mairg a abruigheann tada" ar san Blácach ris. Bhí an Scorrach gaibhte thairis. "Bhí aimhreas agam air sin, gurab é a ghoid mo bhó ar maidin agus ar ndóigh dá mba é ní fhéadfadh sé bheith ansin anois."Nuair a bhí an Scorach ag dul abhaile chuaigh sé suas go Bolluisce agus ghoid sé bulán ó fhear ann. Sin é an fear a rinne spiadóireacht air. Nuair a chuala an Scorach go raibh spiadóireacht déanta air liostáil sé san arm. Fiafruigeadh dó ansin cé mb'fhearr leis a bheith ag imeacht fud an domhain nó ar an bhfarraige. Dubhairt sé go mb'fhearr leis ar an bhfarraige. Chuaigh sé 'na mhairnéalach agus níor frítheadh tásg ná tuairisc air ó shin.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 18
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe