Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0221
- XML “Na Blácaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deirtear gurab é sin an fáth is mó a léigheadh salam na mallacht orra.
An t-Athair Ó Gráda a léigh í ar Chnoc na h-Inghine Pádraic Phatsa Rua a shín chuigh an mblácach í agus annsin rith sé.
Nuair a léigh sé í bhí sí ag tuitim orra as sin amach nó go bhfuair siad bás.
Bhí na bláca go h-an dona ar fad chuir siad na daoine amach as na tighthe fadó agus b'éigin dhóib imtheacht agus ní raibh tada sa n-áit atá siad na gcómhnuidhe anois acht porthaigh agus fuair go leór aca bás sul má bhí aon bhráicín déanta aca dhóib féin le cómhnuidhe ann mar tá lán sean-roiligí thart sa gceanntar fós.
Nuair a fuair an blácach bás bhí sé le feiceál deirtear na mhada uaireannta agus na chosamhlacht féin uaireannta eile.- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe