Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0223
- XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bhfad ó shoin bhí sean rí 'na chómhnaidhe i n-Éirinn agus bhí triúr mac aige. Bhí meas mór aige ortha agus ní raibh a fios aige cé aca a bhfuigheadh a ríoghacht nuair a gheobhfad sé bás. Bhí crann úbhall i ngáirdín an ríogh agus bhíodh dhá fícheadh ubhall air gach bliadhain acht sul má bhiodh siad leath-aibidh bhíodh siad goidte.
Aon lá amháin chuir an rí fios ar a thriúr mac agus dubhairt sé leó "Bíonn m'ubhlaí breágha dhá ngoid uaim cuile bhliadhain cé go mbíonn fir faire agam ó oidhche go lá ortha. Anois má dhéanann sibh-se faire agus an té gheobhfas an gaduidhe beidh mo ríoghacht-sa aige nuair a gheobhfas mé bás"
Is iad seo na h-ainmneacha a bhí ar an triúr Aodh, Art, agus Niall. Labhair Aodh i dtosach agus dubhairt "Déanfaidh mise faire anocht." "Déanfaidh mise faire an oidhche ambáireach," arsa Art," "agus mise an treas oidhche," arsa Niall.
Chuaidh Aodh ag faire an chéad oidhche sa ngáirdín agus thug sé a arm leis, fíon agus neart le n-ithe. Timcheall uair an mheadhon-oidhche tháinig torann mór ós a chionn ins an spéir cosamhail agus dhá mbeadh na mílte éan ag eiteall thairis. Tháinig faitchíos mór air agus nuair a d'fhéach sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe