Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0234
- XML “An Ghlas Gaibhne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean bhocht ann fadó agus bhí sí ag imtheacht tart ag iarraidh braon bainne. Chuaidh sí isteach i dteach a raibh go leór bainne ann. D'iarr sí braon bainne annsin ar bhean an tighe acht dubht. b. an t. léi nach dtiubhradh.
D'imthigh an bhean bhocht léi annsin agus chuaidh sí isteach i dteach eile. D'iarr sí braon bainne ar bhean an tighe sin freisin, agus dubht. b. a' t. léi nac raibh mórán bainne aici acht braon beag a bhí sí a' fagháilt ó na comhursain. "Acht tiubhra mé braon dó sin fhéin duit," adeir sí léi. Bhí an bhean bhocht an-bhuidheach di agus d'imthigh sí léi.
Nr. a tháinic an tráthnóna tháinic bó aníos ó'n gcladach go dtí an bean seo. Rinne an bhean iongantas di, acht ó thárla go dtáinic an bhó aici dubht. sí go raibh sé chomh maith aici í bleaghan. Bhí go maith. Chuaidh an bean amach gá bleaghan acht dá mbeadh sí ghá bleaghan go deó bheadh bainne ag an mbó. Thagadh an bhó gach trathnóna cuig an doras go dtí í.
Is gearr go raibh fhios ag muinntir an bhaile go go raibh an bhó ag teacht go dtí an bhean seo agus go raibh bainne an tsaoghail bhrách aici, agus dá méid soitheach a chuirfí fuithi go líonfadh iad ar fad. Dubht. bean strainséara(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bairbre Ní Choistealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Beartla Aindí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraic 'ac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe