Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0237
- XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Acht tráthnóna an tríomhadh lá tháinic sí fhéin amach ina a cóiste agus nuair a bhí sí ag gabháil thairis dhruid Niall anonn léithe agus chaith sé an púdar uirthi. Nuair a chuaidh an púdar uirthí rinne sí í fhéin chomh beag le dreóilín agus thug léim isteach sa mbosga Léim Niall ar a capall acht fuair an cóisteóir greim ruball air agus níor fhéad sé imtheacht Chualadh sé guth 'na chluais ag rádh: "Greim-cruaidh ualach-éadtrom agus marchaigheacht san aer," agus ní túisge abhí an focal as a bhéal ná d'eirigh an capall suas san aer thug aghaidh ar Éirinn ag imtheacht chomh luath leis an ngaoith Mhárta agus an cóisteóir greamuighthe dá ruball ag sgreadach chomh h-árd agus a bhí 'na cheann. Níor bh'fhada go dtáinig an capall slán folláin go talamh ins an áit ar casadh Niall agus an t-sean-bhean ar a chéile. Bhí sise san áit roimhe agus dubhairt: "Fáilte rómhat ar ais ó'n Spáinn. Feicim go bhfuil searbóghanta leat, a mhic an Ríogh." "Tá, go raibh maith agat-sa" ar seisean "agus tá Iolar Clúmhaighe an Óir go cúramach agam ins an mbosga beag"
"Taisbeán dom í," ars an t-sean-bhean, is fada ó bhí Radharc agam uirthi.
D'fhosgail Niall an bosga acht a n'áit éinín léim an bhean is deise dhá bhfacaidh súil ariam amach as
"O m'Inghin alúinn thú," ars an
tsean-bhean, "is fada thú imthighthe uaim, agus ní fheicfinn go deó tú marac an mac Ríogh seo agus bronnaim air tú anois(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe